Tuesday, December 1, 2009

The Mad Puck Goat

In case you have the urge to burst into song,
here's an Irish favorite:


An Poc Ar Buile

Ar mo ghabháil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha,
Píce i m' dhóid is mé ag dul i meitheal,
Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile!

Alliliú puilliliu
alliliú tá an poc ar buile.
Alliliú puilliliu
Alliliú, an poc ar buile!

Do ritheamar trasna trí ruilleogach
Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge,
Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga
Chuas ina ainneoin ar a dhroim le fuinneamh

Alliliú puilliliu
alliliú tá an poc ar buile.
Alliliú puilliliu
Alliliú, an poc ar buile!

Níor fhág sé carraig go raibh scót ann
Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
Is ea ansin do chaith sé an léim ba mhó
Le fána mhór na Faille Brice

Alliliú puilliliu
alliliú tá an poc ar buile.
Alliliú puilliliu
Alliliú, an poc ar buile!

Bhí gárda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsaí chun sinn a clipeadh
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
Is dá bhríste nua do dhein sé giobaíl

Alliliú puilliliu
alliliú tá an poc ar buile.
Alliliú puilliliu
Alliliú, an poc ar buile!

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bí an sagart paróiste amach 'nár gcoinnibh,
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile!

Alliliú puilliliu
alliliú tá an poc ar buile.
Alliliú puilliliu
Alliliú, an poc ar buile!

No translation here: just trust that it's a story involving
an insane goat and the police. The Chieftains do a good job
singing it on
Water from the Well.





Cheers,
Angus